Cuimhneamh, Smaointeoireacht agus Athshamhlú
Tugann Institiúid Teicneolaíochta na GaillimheMaigh Eo cuireadh duit a bheith páirteach linn sa chlár suaithinseach imeachtaí seo mar chuid d’Éire 2016, an clár oifigiúil stáit a dhéanann comóradh céad bliain ar Éirí Amach 1916.
Baineann ár gclár ilchineálach, a bhfuil os cionn 50 imeacht ann, le gach ceann d’ár gcampais, le pobail áitiúla agus le níos faide i gcéin.
Tá siad seo a leanas ar na gníomhaíochtaí a bheidh ag tarlú:
-
Searmanais chomórtha
-
Gníomhaíochtaí cultúrtha
-
Imeachtaí ceoil
-
Ceolchoirm
-
Athghníomhú imeachtaí stairiúla
-
Fáiltithe
-
Dinnéar ómóis
-
Seirbhís idirchreidmheach
-
Cluiche CLG
-
Seoladh leabhar agus leabhrán
-
Preabshiopa leabhar agus pictiúrlann ghluaisteach
-
Taispeántais
-
Turais pháirce
-
Comórtas deartha agus ealaíon cruthaitheach
-
Bronnadh sparántachtaí agus scoláireachtaí
-
Gníomhaíochtaí for-rochtana
-
Seimineár foghlama gníomhaí
-
Sraith léachtaí poiblí a mhairfidh seacht seachtaine mar cheiliúradh ar sholáthar 21 bliain den oideachas oidhreachta
Táimid ag súil le fáilte a chur romhat de réir mar a thugann an institiúid aghaidh ar chuimhneamh, ar smaointeoireacht agus ar athshamhlú.
Further Information
Dr Marcus MacCárthaigh
Léachtóir & Cathaoirleach Cláir sa Léann Oidhreachta
Comhordaitheoir ar an gClár um Chomóradh Céad Bliain 1916–2016
Teil: +353 (0)91 742411
R-Phoist: Dr Marcus MacCárthaigh